Bhí Cleite dána. Ghearr a athair pionós air agus d'fhág sé i dtír é ar Oileán na bPéarlaí chun péarlaí a chuardach san fharraige — obair chrua — nó go dtagann sé ar a chairde Crúca Beag agus Péarla. Ach tá an foghlai mara mór fíochmhar Feasóg Bhearrtha ar a bhealach go dtí an t-oileán freisin, agus é sa tóir ar phéarlaí. Beidh sé ina chogadh!
Foghlaí mara maith é Cleite. Tá sé ina chónaí lena mhuintir ar fad ar an long foghlaí mara, an Bolg Lán. Nuair nach mbíonn sé ag obair ar an long, caitheann sé an lá ag cuardach órchistí, nó ag spraoi lena chairde Crúca Beag agus Péarla.
'Chonaic Níotú rud éigin a chuir an cluiche as a cheann. Bhí racún óg ina luí in aghaidh an chrainn agus é beagnach i bhfolach faoi na duilleoga. D'ardaigh an t-ainmhí a chloigeann. Bhí éadan dubh agus bán air, cosúil le masc. Lig sé cnead as.' Shocraigh an tIndiach beag ar aire a thabhairt don racún agus peata a dhéanamh de, ach ba ghearr gur tuigeadh go mbeadh trioblóid leis. . .
'Treoróidh an cleite dearg go dtí an ollphéist thú,' ar séos íseal. Déanfaidh an cleite buí fíorbheag thú, agus ceanglóidh tú an cleite dubh den tsaighead chun an ollphéist a mharú.' Níl deoir uisce fanta i mbaile na dTípíonna Beaga! Tugann an Fear Feasa cúnamh do Níotú imeacht, faoi rún, chun an 'scamall-iteoir' a ruaigeadh.
Tar éis briseadh loinge, caitear Guilivéar i dtír ar oileán lán le firíní beaga. Dona go leor, ach nuair a théann na firíní beaga i gcleachta ar mhéid ollmhór Ghuilivéir, iarrann siad air cabhrú leo ina gcogadh aghaidh a gcuid namhad. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.
Rith Níotú, léim sé in airde ar dhroim Phítsí, agus rug sé ar a mhoing. Chaith an searrach Níotú ar a bholg ar an talamh. ‘Há! Há! arsa Pacó. ‘Níl sé éasca eitilt gan sciatháin!’
Tá sé in am ag Níotú capall dá chuid féin a bheith aige, ach tá sé níos deacra breith ar chapall fiáin agus é a cheansú ná mar a cheapann an tIndiach beag.
‘Níor cheart duit dul rófhada i d’aonar,’ arsa an t-ulchabhán leis. ‘Ní cara le páistí í an oíche.’
‘Is gaiscíoch de chuid na dTípíonna Beaga mé. Táim ag cuardach béirín atá imithe ar strae.’
‘Tá sé i ndroch-chomhluadar,’ arsa an t-éan.
‘Go díreach! Ná cuirimis aon am amú. Seo linn,’ arsa Níotú.
Agus an oíche ag titim, feiceann Níotú lorg béir sa sneachta. Tá an tIndiach beag cinnte go bhfuil an béar i gcontúirt agus téann sé ina dhiaidh tríd an bhforaois chun cabhrú leis....
Bhí an canú ag imeacht go fíorsciobtha! Agus bhí an abhainn ag coipeadh mar a bheadh uisce i bpota os cionn na tine!
‘Cén fáth a bhfuil an sruth ag éirí níos láidre?’ arsa Níotú. BrrrrrrrrrRRR!
‘Ó, a Mhamaí!’ arsa an tIndiach beag. ‘Eas!’
Gan cead óna athair, téann Níotú ag spraoi i gcanú ar an abhainn. Is gearr go dtugann an canú le sruth é. Cén chaoi a dtiocfaidh an tIndiach beag slán?
Sé úrscéal mhaisithe atá sa bhailiúchán 'Níotú' don aoisghrúpa 7+, sé scéal faoi indiach beag dearg, agus a chuid cairde. Leabhair ghleoite atá sa bhailiúchán faoi na heachtraí a bhaineann do Níotú agus a chairde, agus an nádúr agus an timpeallacht mar chúlra le gach scéal. Leabhair iad seo a mhúineann tabhacht an nádúir don ghasúr.